Jimí Chearra agus Pádraig Chearra (1) @IslandVoicesVideos
Jimí Chearra agus Pádraig Chearra (1)  @IslandVoicesVideos
Uploaded August 2024 | Updated September 2026, 1 day ago
Trácht agus seanchas anseo ag Jimí agus Pádraig ar a muintir agus ar a saol ar thamhnachaí Chois Fharraige. Micil Chearra an chéad fhear acu, é féin agus a bhean, Peigí Ní Dhonnchú as Baile na mBrobhach. Chuadar a chónaí go Clochar Lára faoi thiarna talúna de na Coimíní. Cuireadh as a ngabháltas iad, de bharr tuitim amach leis na Blácaigh faoi chúrsaí fiach giorria sí agus cúín dhubh Mhicil Uí Chearra. D'fhan scéal an ghiorria sí seo sa seanchas. Tá cuimhne ag Jimí ar Shéamas Mhicil, a sheanathair. Bhí scéal aige faoi fhear aniar as Gleann 'ac Mhuirinn a chuaigh amú ach a tháinig ar Tigh Chearra i gClochar Locha, agus é buíoch go dtáinig. Tá eachtraí a bhaineas le stiléaracht phoitín ag an mbeirt. Míníonn Jimí bunús ósnádúrtha an ráitis ‘Cuirfidh mise athrú cáir ort, mar a chuir Máirtín Mhaitiú ar an taibhse.’ Chloiseadh Jimí a sheanmháthair ag caint ar an loilíoch a bhleán agus ag rá paidreacha a thóig sé uaithi. Agus deir sé trí cinn acu, An Mharainn Phádraig ar deireadh.

(Jimí and Pádraig discuss and recount anecdotes about their ancestors and their life in the upland small arable areas of Cois Fharraige, west Co. Galway. The first to come to the area was Micil Chearra, and his wife Peigí Ní Dhonnchú from Baile na mBrobhach. They went to live in Clochar (na) Lára on a holding owned by a landlord by the name of Common. They were expelled from their holding, due to a falling out with the Blakes over hare hunting and the little black hound of Micil Uí Chearra. The story of the fairy hare remained in family lore. Jimí remembers Séamas Mhicil, his grandfather. He had a story about a man from Glenicmurrin who got lost in mist on the hills but came to the Cearra home in Clochar Locha, and was grateful to have made it there safely. Both relate incidents involving the poitín distilling. Jimí explains the supernatural origin of the saying 'I'll make you change your smile, like Máirtín Mhaitiú did to the ghost.' Jimí heard his grandmother talking about milking the milk cow and saying prayers that Jimí acquired from her. And he says three of them, including finally the renowned An Mharainn Phádraig.)

Part of the Taisce Bheo na nGael project in which the UHI Language Sciences Institute, together with Irish partners, record the natural speech of Irish and Scottish Gaelic speakers in their own communities with user-friendly equipment and techniques.

A Word-linked transcript is available here: multidict.net/cs/12092
Jimí Chearra agus Pádraig Chearra (1)Cathie Laing 2DTân Glyndŵr: Ifor ap GlynCanaidh le Màrtain Mac an t-SaoirPaul McCallum Part 2BScotlands Deputy First Minister Kate Forbes, Keynote Speaker for North Uist Wellbeing ProjectMartin MacIntyre in Conversation (pt 5)Part 3, Togail ar Guthan/Raising our Voices: Keynote Speaker Deputy First Minister, Kate ForbesIn conversation (part 1): Christie Williamson with Chris StoutSealtainneach ann an GlaschuWellbeing, stories & Gaelic (E) - full talkKonkani Documentary: Childrens Parliament in Barra
Island Voices Videos |

Jimí Chearra agus Pádraig Chearra (1)

SHARE TO X SHARE TO REDDIT SHARE TO FACEBOOK WALLPAPER