Uploaded November 2025 | Updated September 2026, 4 hours ago
Tá Tomás Ó Con Ceanainn, Rinn na hAirne, Eanach Dhúin, in aice le Pádraig Ó Fathaigh, Mionlach, An Caisleán Gearr, agus Brian Ó Curnáin, agus véarsaí amhrán á ngabháil agus ábhair ghrinn á n-aithris acu. Gabhann Tomás véarsa den Draighneán Donn agus de Chaisleán Uí Néill ina phort béil agus leagan measctha de Bhaile Uí Lia agus Mhaidin Domhnaigh is mé ag dul go hEochaill. Dhá scéilín grinn ag Tomás faoin bpoitín agus faoin Reachtúrach, file, i gCill Fhínín. Ba nós le Tomás a bheith ag gabháil amhrán is é ag treabhadh - agus lucht éisteachta ar chúla claí. Aimsíonn Pádraig dhá véarsa den Amhrán Bréagach ag Micheál Ó Con Ceanainn, Baile Chláir, athair Thomáis, ó shuíomh duchais.ie. Rannta ansin: Brochán ó Aréir é; Buíógaí an Lisín (Lisín Óráin, Eanach Dhúin); Ná Bac le Mac an Bhacaigh; agus Fód Bog idir Dhá Bhog.
Nóta: 'ì', 'ù' = gutaí gearra (i ndeireadh focal).
Wordlinked transcript: multidict.net/cs/12685