Buachaill an Chrá - Róise Nic Dhonnagáin - Amhrán Nuachumtha @tglurgan
Buachaill an Chrá - Róise Nic Dhonnagáin - Amhrán Nuachumtha  @tglurgan
Uploaded August 2017 | Updated November 2026, 2 days ago
Tá ríméad orainn sár-ealaíontóir óg a chuir i bhur láthair. Léiritheoir ceoil - Kean Kavanagh. Seod an chéad amhrán den tsraith úrnua "Bogha Ceatha"

Briseann tusa croíthe
Seolann scamaill liatha
Os cionn an tsaoil

Do gháire geal mar lóchrann
Do shúile, réalta eolais
Go dtí gur bhris mo chroí

Feicim thú trí shúile an tsaoil mhór
Na bréaga beag is mór
Mar néalta dubha bróin

Is tú amuigh ag gáire is ag spraoi
Is mé anseo gan bhrí
An gcloiseann tú druma beag mo chroí?

Buachaill an chrá
Ní tú mo ghrá
Bhuail tú bob is mheall tú mé
Le bréaga bána ó do bhéal

Buachaill an chrá
Ní tú mo ghrá
Ní bréagán mise dhuit níos mó
Imigh leat ná fill go deo

Mé fhéin is tú fhéin
Ag caint gach oíche
Go bánú an lae

Tost mór fada anois tá ann
Tá tú scuabtha chun siúil
Gan focal slán

Feicim thú trí shúile an tsaoil mhór
Na bréaga beag is mór
Mar néalta dubha bróin

Is tú amuigh ag gáire is ag spraoi
Is mé anseo gan bhrí
An gcloiseann tú druma beag mo chroí?

Buachaill an chrá
Ní tú mo ghrá
Bhuail tú bob is mheall tú mé
Le bréaga bána ó do bhéal

Buachaill an chrá
Ní tú mo ghrá
Ní bréagán mise dhuit níos mó
Imigh leat ná fill go deo

Ní bréagán mise dhuit níos mó
Imigh leat ná fill go deo
Buachaill an Chrá - Róise Nic Dhonnagáin - Amhrán NuachumthaTar Liom S Damhs - Daniel CocieruNí Raibh Tú Ann  - Saidhbhe Ní Chuillinn - Amhrán NuachumthaDemons - le Imagine Dragons as GaeilgeMy Type - Saint Motel - GaeilgeChainsmokers & Coldplay - Something Just Like This ft. Waltzing Matilda –as GaeilgeOld Town Road - GaeilgeGrace Willis - Mo Chara Is FearrSúile Gorma - NuaNós 18- Nuachumtha GaeilgeSiúil A Rún - Leah BarnivilleSymphony le Zara Larsson /Clean Bandit as GaeilgeSeó Tallainne – Facebook Live - Sat. 5th Aug. 8:00pm
TG Lurgan |

Buachaill an Chrá - Róise Nic Dhonnagáin - Amhrán Nuachumtha

SHARE TO X SHARE TO REDDIT SHARE TO FACEBOOK WALLPAPER